Written answers

Tuesday, 10 October 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

255. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici maoiniú breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta do 2018; an ndéanfar cuid den airgead breise sin a chur ar fáil do na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe le hordachán ón Aire chuige sin a bheidh ag dul leis an airgead; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42586/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is tríd an bpróiseas meastacháin agus cáináisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn ón státchiste agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, is cúis áthais dom a chur in iúl don Teachta go bhfuil maoiniú breise de €100,000 curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le cur i dtreo forbairt teanga, cultúir agus pobail sa Ghaeltacht in 2018. Tugann an maoiniú breise seo leithdháileadh breise de €350,000 san iomlán don Údarás i leith an réimse seo thar dhá Bhuiséad.

Ós rud é gur eagraíocht í Údarás na Gaeltachta a bhfuil feidhm neamhspleách aici, tuigfidh an Teachta gur faoin Údarás féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chuirtear ar fáil dó go bliantúil a úsáid.

Is féidir a bheith cinnte de go n-aithním go maith an clár oibre fónta atá idir lámha agus beartaithe ag an Údarás agus go leanfaidh mé orm ag déanamh gach iarracht chun tacú le feidhmiú an chláir oibre sin, oiread agus is féidir, laistigh de na hacmhainní a bheidh ar fail dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.