Written answers
Wednesday, 4 October 2017
Department of Transport, Tourism and Sport
An Clár Caipitil Spóirt
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
193. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuil cinneadh déanta aige ar an iarratas atá déanta faoin Deontas Caipitil Spóirt do 2017 ag club iomartha i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); mura bhfuil, cén uair a bheidh cinneadh déanta ag an Aire agus cén uair a bheidh na deontais faoin Deontas Caipitil Spóirt do 2017 á bhfógairt aige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42051/17]
Brendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dúnadh babhta 2017 den Chlár Caipitil Spóirt le haghaidh iarratais ar an 24 Feabhra agus is féidir liom a dhearbhú go bhfuil iarratas curtha isteach ag an eagraíocht atá i gceist. Fuarthas líon taifead de 2,320 iarratais a bhí ag lorg € 155 milliún i ndeontais. Is é an méid iomlán atá ar fáil faoi láthair le leithdháileadh faoin babhta seo ná € 30 milliún. Dá réir sin, beidh leithdháileadh na ndeontas dúshlánach.
Tá na 2,320 iarratas uile a fuarthas á scrúdú faoi láthair ag oifigigh i mo Roinn. Tá súil agam go mbeidh sé in ann fógra a dhéanamh maidir le leithroinnt sna seachtainí atá romhainn.
No comments