Written answers
Tuesday, 3 October 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Farantóireachta
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
273. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon dul chun cinn déanta aici chun bád farantóireachta úr toiscdhéanta a choimisiúnú don phasáiste idir Machaire Rabhartaigh agus Oileán Thoraí i gContae Dhún na nGall; cén uair a chuirfear an tseirbhís seo ar fáil do phaisinéirí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41591/17]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tar éis cruinniú a bheith agam le toscaireacht ó Oileán Thoraí le déanaí maidir le seirbhís farantóireachta an oileáin sin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne tús a chur leis na próisis pleanála cuí chun bád sainlasta a chur ar fáil le freastal ar phobal an oileáin agus oibreacha a dhéanamh ag Cé Mhachaire Rabhartaigh ar mhaithe le n-í a chur in oiriúint don bhád sin. Mar a thuigfidh an Teachta, beidh ar mo Roinn saineolas ar leith a fhostú chun na próisis seo a bhainistiú agus amscála a leagan amach ina leith.
No comments