Written answers
Tuesday, 3 October 2017
Department of Education and Skills
Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
190. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le stádas an iarratais atá déanta ag scoil (sonraí tugtha), go háirithe ós rud é gur chuir an scoil an soiléiriú ar na costais a bhí iarrtha ag an Roinn isteach an 29 Meitheamh 2017; an bhfuil cinneadh déanta ina leith; mura bhfuil, cén uair a bheidh cinneadh déanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41713/17]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cheadaigh mo Roinn deontas cineachta suntasach i Meán Fómhair 2014 don scoil i dtrácht le haghaidh leathnú buan agus oibreacha athchumraíochta trína ndéanfaí gach cóiríocht réamhdhéanta a bhaint de láithreán na scoile.
Fuair mo Roinn soiléiriú i dtaca le moladh le haghaidh réimse níos leithne d’oibreacha ina bhfuil impleachtaí costais suntasacha i gceist. Tá an t-ábhar á mheas faoi láthair agus beidh mo Roinn i dteagmháil leis an scoil arís maidir leis an ábhar chomh luath agus is féidir.
No comments