Written answers
Wednesday, 27 September 2017
Department of Children and Youth Affairs
Cúram agus Oideachas na Luath-Óige
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
184. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cathain a fhoilseofar an tuarascáil ón bhfoghrúpa den Fhóram um Luathbhlianta ar baill de CNNG, Gaeloideachas, Foras na Gaeilge, na Naíonraí Gaelacha, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tÚdarás, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. [40861/17]
Katherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chuir foghrúpa an Fhóraim um Luathbhlianta maidir le tacaíocht don Ghaeilge a dtuarascáil achomair faoi bhráid an Fhóraim i mí Iúil. Ba í príomhbhéim fhoghrúpa an Fhóraim ná ceisteanna a phlé a bhaineann le ceisteanna faoin nGaeilge go ginearálta agus na torthaí a chur ar fáil don Fhóram níos leithne. Tá moltaí an ghrúpa i gcomhthéacs chóras na Luathbhlianta agus próiseas na meastachán cáinaisnéiseach á bplé anois. Cé go bhfuil an cheist mar gheall ar fhoilsiú na tuarascála achoimre á plé faoi láthair, níl cinneadh déanta ar an rud seo fós.
No comments