Written answers

Tuesday, 26 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

247. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an costas iomlán a bhaineann le Raidió na Life a athlonnú ó Chearnóg Mhuirfean go dtí ceanncheathrú nua ar Shráid Amiens agus trealamh, doirse agus fuinneoga acústacha á gcur san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40684/17]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

248. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an costas iomlán a bhaineann le Foras na Gaeilge a athlonnú go dtí Sráid Amiens agus cíos agus troscán á gcur san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40685/17]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 247 and 248 together.

Is é €412,365 an costas iomlán a eascraíonn as athlonnú Fhoras na Gaeilge go dtí a cheanncheathrú nua ar Shráid Amiens.  Clúdaíonn an figiúr sin na costais a bhaineann le Raidío na Life a athlonnú go dtí Sráid Amiens mar aon leis an Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar a athlonnú go dtí trádstóras nua. 

Maidir le Raidió na Life, cuireadh deontas €133,215 ar fáil i ndáil le trealamh nua craoltóireachta a shuiteáil sna stiúideonna nua i Sráid Amiens.  Anuas air sin, d’eascair costais daingnean €34,150 d’Fhoras na Gaeilge i ndáil le doirse agus fuinneoga acústacha a chur ar fáil mar chuid de na háiseanna ina cheanncheathrú nua.

Maidir leis na costais eile, tuigtear dom ón bhForas gur baineadh an úsáid is mó as an troscán reatha agus go raibh costas €173,220 ar throscán nua.  Bhain costas €15,215 le córas gutháin nua agus costas €12,277 leis an trealamh a bhogadh go dtí an cheanncheathrú nua.  Faoi dheireadh, bhain costas €44,288 leis an Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar a athlonnú go dtí trádstóras nua fosta.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge nach mbeidh an costas cíosa bliantúil deimhnithe go dtí go mbeidh an tomhas deiridh déanta ar an bhfoirgneamh agus go bhfuil an obair sin ar bun i láthair na huaire.  Is féidir a rá, áfach, gur ráta €33 in aghaidh na troighe cearnaí atá i gceist agus, ar an mbunús sin, samhlaítear go mbeidh an costas cíosa thart ar €600,000 in aghaidh na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.