Written answers

Tuesday, 26 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na gCúntóirí Teanga

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

242. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn maidir le scéim na gCúntóirí Teanga, ag eascairt as an ráiteas poiblí a rinne an t-iarAire Stáit, go háirithe maidir leis na postanna breise a cheadaigh an tAire ach nár líonadh, go háirithe na ceithre scoil i gContae Dhún na Gall (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40575/17]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhógair mé le gairid go bhfuil allúntas iomlán ar fiú €784,442 ceadaithe do Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2017/18. As an allúntas iomlán sin, tá €551,813 curtha ar fáil do Mhuintearas Teo agus €232,629 ceadaithe do Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun an scéim a riaradh thar ceann na Roinne.

Is ionann an t-allúntas seo agus an deontas a ceadaíodh anuraidh don scoilbhliain 2016/2017. Cé is móite de scoil amháin atá i gceantar feidhme Mhuintearas Teo, SN na Trá Báine a aithníodh in ionad SN Choill an tSidheáin atá dúnta anois, is ionann na scoileanna atá aitheanta faoin scéim sa scoilbhliain reatha agus a aithnníodh in 2016/17.

Mar a luadh sa bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 992 ar 20 Meitheamh 2017 agus 689 ar 2 Bealtaine 2017, tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim mar chuid d'fheidhmiú an an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhar le páirtithe leasmhara eile, mo Roinnse san áireamh - mar chuid d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá i gceist go dtosóidh an t-athbhreithniú sin go luath agus beifear ag súil leis go gcuimseofar, mar chuid de, na critéir cháilithe go mba chóir don Roinn a bheith á gcur san áireamh feasta chun críche aitheantais faoi scéim na gcúntóirí teanga i gcomhthéacs fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga araon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.