Written answers
Tuesday, 26 September 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Cuanta agus Céanna
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
241. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth go bhfuil an Roinn ag diúltú dul i gcomhairle le Coiste Thrá Mhachaire Rabhartaigh; cén fáth go bhfuil an roinn ag diúltú castáil leis an choiste; cén fáth go bhfuil an roinn ag diúltú glacadh leis an choiste mar ionadaithe don chéidh; cén fáth nach bhfuil an roinn sásta moltaí an choiste a chur san áireamh; cén fáth go bhfuil an roinn ag léiriú neamhshuim iomlán sa chéidh; an mbeidh sí sásta castáil leis an choiste áitiúil ar an láthair leis an cheist thábhachtach seo a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40574/17]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is faoi chúram Comhairle Chontae Dhún na nGall atá Cé Mhachaire Rabhartaigh. É sin ráite, tá mé agus tá mo Roinn sásta éisteacht le haon mholtaí maidir leis an gcé úd tagaidís ón gComhairle Chontae nó ó Choiste Thrá Mhachaire Rabhartaigh.
Mar eolas don Teachta, bhí cruinniú agam le toscaireacht ó Oileán Thoraí Dé hAoine seo caite (22 Meán Fómhair) agus pléadh forbairt Ché Mhachaire Rabhartaigh i gcomthéacs riachtanais na seirbhíse farantóireachta go Toraigh. Tá iarrtha agam anois ar oifigigh mo Roinne tús a chur leis na próisis pleanála cuí chun bád sainlasta a chur ar fáil le freastal ar phobal an oileáin agus chun an ché a fhorbairt le freastal ar riachtanais an bháid sin. Mar chuid den phróiseas pleanála seo, beidh oifigigh mo Roinne lán sásta dul i gcomhairle le Coiste Thrá Mhachaire Rabhartaigh agus le páirtithe leasmhara eile chun a bhfuil beartaithe a phlé.
No comments