Written answers
Tuesday, 26 September 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna agus Tacaíochtaí Tithíochta
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
240. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí sonraí faoin phlean atá aici maidir le deontais feabhsúcháin tithíochta a chur ar bun in athuair i gceantair Ghaeltachta, agus an aontaíonn sí go mbeadh a leithéid riachtanach chun tacú le teaghlaigh chun cónaí i gceantair Ghaeltachta, mar spreagadh do theaghlaigh chun filleadh ar cheantair ina bhfuil laghdú tagtha ar an daonra le breis agus 10 mbliana anuas. [40573/17]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Achtanna na dTithe Gaeltachta faoina mbíodh cúnamh ar fáil chun cabhrú le gnóthaí títhíochta sa Ghaeltacht ar fionraí ó 7 Aibreán 2009 agus nil sé beartaithe é a mhúscailt faoi láthair.
Ní miste a mheabhrú don Teachta ar ndóigh go bhfuil fáil ag muintir na Gaeltachta, ach an oiread leis an gcuid eile den tír, ar na scéimeanna agus na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil mar a bhaineann sé le gnóthaí tithíochta, lena n-áirítear scéimeanna na nÚdarás Áitiúil agus SEI.
No comments