Written answers

Tuesday, 26 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cóiríocht Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

239. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén deontas atá ceadaithe do Choláiste Chonnacht le hathchóiriú a dhéanamh ar a shealúchas; cé na coinníollacha a bhaineann leis an gceadú sin maidir le hiontaobhaithe; cé na coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí tréimhsiúla nó páirt-íocaíochtaí den deontas a íoc; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40568/17]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cheadaigh mo Roinn deontas nach mó ná €29,600 (nó 80% den chostas, cibé acu is lú) ar 9 Feabhra 2017 le cumasú d'Iontaobhas Coláiste Chonnacht oibreacha athchóirithe a dhéanamh ar chóras leictreachais an choláiste. Ceadaíodh an deontas sin ar an mbunús go gcomhlíonfaí gnáth-coinníollacha na Roinne a chuirtear lena leithéid de dheontas chomh maith le coinníoll nach n-íocfaí aon chuid den deontas go dtí go mbeadh cruthúnas cur ar fáil, chun sástacht na Roinne, ag taispeáint go bhfuil an t-iontaobhas tagtha ar shocrú maidir le struchtúr nua úinéireacht an choláiste. Ghlac an t-iarratasóir i scríbhinn leis na coinníollacha seo.

Cé gur déanadh roinnt dul chun cinn maidir le hathstruchtúrú an iontaobhais, níor sáraíodh na deacrachtaí uile. I litir dár data 10 Lúnasa 2017, leag an Roinn amach proiseis ar mhaithe le cúnamh a thabhairt chun dul i ngleic leis na constaicí seo ina cuimsíodh bealaigh gur féidir ionadaíocht a bheith ag eagrais pobail an cheantair ar aon iontaobhas nua.

D'aithnigh an Roinn freisin an gá a bheadh le hionadaíocht a bheith ag an iontaobhas atá ann faoi láthair in aon struchtúr nua. Léiríodh sa litir go mbeadh an Roinn sásta íocaíochtaí a dhéanamh ag brath ar dhul chun cinn ar an athstruchtúrú seo.

Leanfaidh mo Roinn ag obair i gcomhar leis an deontaí agus páirtithe leasmhara eile sa chaoi is go mbeifear in ann an deontas iomlán a chúiteamh chomh luath agus is féidir, ach na coinníollacha atá leagtha síos a bheith comhlíonta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.