Written answers

Thursday, 21 September 2017

Department of Environment, Community and Local Government

Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

189. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an bhfuil iarratas déanta ag TG4 ar mhéadú ar an maoiniú a fhaigheann siad ón roinn don bhliain 2018; má tá, cad é an méid airgid atá iarrtha agus cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40006/17]

Photo of Denis NaughtenDenis Naughten (Roscommon-Galway, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá iarrtha ag TG4 a deontas i gcabhair do 2018 a mhéadú. Tá an t-iarratas fós á mheas mar chuid de phróiseas níos leithne a bhaineann le meastacháin bhuiséid na Roinne agus an Rialtais agus déanfear cinneadh ar aon dul leis an bpróiseas seo. Agus an próiseas seo ar siúl, bheadh sé neamhfhóirsteanach tuilleadh a rá ar an ábhar

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

190. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén sciar den cheadúnas teilifíse a thugtar do RTÉ, do TG4 agus don Chiste Craolacháin faoi seach; cén bunús ar a ndéantar an t-airgead sin a roinnt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40007/17]

Photo of Denis NaughtenDenis Naughten (Roscommon-Galway, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dáiltear an táille cheadúnais, de réir Alt 123 den Acht Craolacháin 2009, ar RTÉ agus ar TG4 chun cur i bhfeidhm a gcuspóirí seirbhíse poiblí, atá leagtha amach in Acht 2009 freisin, a éascú. Íocann An Post ioncaim na gceadúnas teilifíse a bhailítear ó dhíolacháin leis an Roinn agus íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí €53 milliún gach bliain i leith ceadúnais shaor in aisce teilifíse a eisítear. Ó na fáltais chomhlána seo, baineann an Roinn coimisiún, atá iníoctha leis An Post dá ról gníomhaireachta, as agus faigheann TG4 €4.245 milliún de faoi láthair.Ina theannta sin, téann 7% den ioncam go dtí an Ciste Craolacháin, atá á oibriú ag Údarás Craolacháin na hÉireann. Cuireann na scéimeanna a bunaíodh faoin gCiste seo maoiniú ar fáil chun tacú le cláir ardchaighdeáin ar chultúr, ar oidhreacht agus ar eispéireas na hÉireann, le cláir chun litearthacht daoine fásta a fheabhsú, agus le cartlannú ábhair ó chláir. Is féidir le léiritheoirí agus le craoltóirí neamhspleácha cur isteach ar ioncam ón gciste seo do thionscadail ar leith a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí.

Íoctar an t-airgead atá fágtha le RTÉ.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.