Written answers
Wednesday, 20 September 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na mBóithre Pobail
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
368. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ó Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir le hairgead a chur ar fáil d’uasghrádu bóthair (sonraí tugtha); cén rannóg atá ag plé leis an iarratas sa Roinn; cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir leis an iarratas a bhreithniú; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39847/17]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní miste a shoiléiriú ar an gcéad dul síos nach bhfuil aon iarratas ar mhaoiniú na Roinne faighte ó Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an mbóthar a bhfuil tagairt déanta dó sa cheist atá curtha ag an Teachta. Mar is eol don Teachta, bhíodh ciste airgid ag mo Roinn faoina ndéantaí oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre áirithe Gaeltachta i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla ábhartha. Mar gheall ar thosca airgeadais tá an ciste agus an scéim faoinar ceadaíodh oibreacha den chineál seo ar fionraí anois.
Tuigim, áfach, go bhfuil mo chomhleacaí, an tAire Gnóthaí Tuaithe agus Pobal ag breathnú ar na féidireachtaí chun scéim bóithre áise a chur i bhfeidhm i 2017.
No comments