Written answers
Monday, 11 September 2017
Department of Education and Skills
Tionscadail Tógála Scoileanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
339. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach bhfuil cead á thabhairt do scoil (sonraí tugtha) naíonra a thógáil ar thalamh na scoile cé gurb amhlaidh gur tugadh cead don scoil in 2014 cead pleanála a lorg do naíonra ar thalamh na scoile agus go bhfuarthas an cead sin in 2016, ag féachaint go háirithe don leas a dhéantar d’iompar teanga gasúr i nGaelscoileanna nuair a bhíonn naíonra ceangailte leis an nGaelscoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37504/17]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
340. To ask the Minister for Education and Skills cad é an líon Gaelscoileanna a raibh cead pleanála faighte acu do naíonraí ach a bhfuil an cead sin coinnithe siar anois orthu de bharr an athbhreithnithe atá á dhéanamh ag an Aire ar an mbeartas maidir le cead a thabhairt do Ghaelscoileanna naíonraí a thógáil ar a gcuid tailte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37505/17]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
341. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a chríochnófar an t-athbhreithniú ar an mbeartas maidir le cead a thabhairt do Ghaelscoileanna naíonraí a thógáil ar thailte a gcuid scoileanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37506/17]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé i gceist agam Ceisteanna Parlaiminte 339 go 341 a thógáil le chéile.
Scríobh mo Roinn chuig Príomhoide na scoile dá raibh tagairt déanta ag an Teachta i mí Iúil 2016 ina n-áiríodh go mbreathnaíonn an Roinn go dearfach de ghnáth ar iarratais ar chóiríocht a chur ar fáil do Naíonraí, ach nuair a cuireadh an t-iarratas áirithe seo isteach, bhí saincheisteanna ann a bhí á meas sa chomhthéacs i gcoitinne maidir le soláthar naíonraí ar réadmhaoin scoileanna. San áireamh sna saincheisteanna seo bhí comhaontuithe réadmhaoine agus dlíthiúla, rialachas, árachas agus cúrsaí dliteanais. Bhí comhairle dlí á meas.
Cuireadh in iúl don Phríomhoide go raibh na saincheisteanna seo á meas mar chuid den athbhreithniú i gcoitinne laistigh den Roinn maidir leis na riachtanais atá le bheith bunaithe maidir le húsáid réadmhaoin na scoile do sheirbhísí naíonraí agus iarscoile agus maidir le hullmhúchán na dtreoirlínte a bhaineann leis seo.
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil na treoirlínte maidir le húsáid foirgneamh scoile curtha i gcrích agus go bhfuil siad le foilsiú go luath. Beidh na treoirlínte seo i bhfeidhm i ngach scoil agus ní bhaineann siad le gaelscoileanna amháin. A luaithe agus a fhoilseofar na treoirlínte seo, beidh mo Roinn i dteagmháil le húdaráis na scoile chuí i dtaca leis an scoil a ndearna an Teachta tagairt di.
Níl taifid láraithe de na gaelscoileanna a fuair cead pleanála do naíonraí ag an Roinn. Ach, más mian leis an Teachta eolas a lorg maidir le scoil ar leith, tabharfaidh oifigigh ó mo Roinn cuidiú duit maidir le ceist ar leith.
No comments