Written answers
Monday, 11 September 2017
Department of Education and Skills
Scéim na nOibreacha Éigeandála
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
312. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuarthas Iarratas ar Oibreacha Éigeandála atá curtha isteach ag scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) chun dul i ngleic leis an bhfadhb taise atá ann i bhfoirgneamh na scoile; cathain a bheidh cinneadh déanta faoin iarratas seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37010/17]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an t-iarratas ar mhaoiniú d’obair éigeandála faighte ón scoil dá bhfuil an Teachta ag tagairt.
Tá cead i bprionabal tugtha don mhaoiniú agus, dá réir, tá sé sin curtha in iúl don scoil. Chun rudaí a bhrú ar aghaidh, tá cead tugtha Sainchomhairleoir a sholáthar chun scóip na n-oibreacha is gá chun dul i ngleic leis an bhfadhb a aithint agus chun costais a sholáthar.
Nuair a bhíonn an t-eolas faighte agus scrúdaithe ag mo Roinn, beifear ábaltá faomhadh an tionscadail a chur ar bhonn foirmiúil.
No comments