Written answers

Monday, 11 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Tionscadail Oidhreachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

704. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil céimeanna glactha ag a Roinn i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe chun caomhnú agus cothabháil a dhéanamh ar shéadchomhartha náisiúnta (sonraí tugtha) agus an damáiste a rinne na stoirmeacha in 2014 á chur san áireamh; cén plé a rinneadh leis an bpobal áitiúil faoin gceist; má tá céimeanna glactha chun é a chaomhnú, céard iad féin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37683/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

705. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a chuirfear freagra substaintiúil ar chomhfhreagras a chuir duine i mo dháilcheantar chuici (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill ar an bhfreagra. [37684/17]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá i gceist agam Ceisteanna Uimh. 704 agus 705 a thógáil in éineacht.

Ar an suíomh seo tá reilig atá á cosaint faoi Alt 12 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994. Rinneadh damáiste mór don séadchomhartha, atá lonnaithe ar choimín, mar gheall ar stoirmeacha in 2014, agus nochtaíodh cnámha ársa daonna lena linn.

Thug Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta mo Roinne cuairt ar an láithreán cúpla uair ag an am agus, i gcomhar le hOifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae na Gaillimhe, chas siad le hionadaithe pobail, geallseabhóirí an choimín ina measc. Tuigim gur aontaíodh go ndéanfadh an Chomhairle Contae agus mo Roinn suirbhé seandálaíochta i gcomhar lena chéile ar an méid den reilig atá fágtha, faoi réir thoiliú d’aon ghuth na ngeallsealbhóirí sin, go gcuirfeadh na hionadaithe pobail iarratas chuig an gComhairle Contae ar mhaoiniú deontais don suirbhé agus go n-íocfadh mo Roinn na costais a bhainfeadh le haon aisghabháil oistéiseandálaíochta agus scrúdú den reilig a d’eascródh as.

Cuireadh in iúl dom nach bhfuil aon chumarsáid bhreise faighte ag Comhairle Contae na Gaillimhe ná ag an Roinn ó shin i dtaca leis an suirbhé beartaithe ná iarratas ar chúnamh deontais. É sin ráite, tá an dá dhream seo ar fáil go fóill le dul i mbun ple arís leis na geallsealbhóirí ábhartha agus tá iarrtha agam ar mo Roinn, i gcomhar leis an Oifigeach Oidhreachta, teagmháil a dhéanamh arís leis na hionadaithe pobail lena raibh siad i dteagmháil roimhe.

Maidir le ceist an chomhfhreagrais le duine i dToghcheantar an Teachta, tá sé curtha in iúl dom gur sheol mo Roinn freagra substaintiúil amach ar an 22 Lúnasa 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.