Written answers

Thursday, 13 July 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na mBóithre Pobail

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

467. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí maoiniú éigeandála a sholáthar le cóiriú a dhéanamh ar bhóithre portaigh sna bailte fearainn seo a leanas, Srath na Bruaí, Slíothán, Mám an tSean Tí agus Loch na nGrianán i nGaoth Dobhair, a ndearna tuilte damáiste dóibh le gairid, á chur i gcuntas go bhfuil corradh le 100 teaghlach nach bhfuil ar a gcumas móin a thabhairt abhaile de bharr staid na mbóithre; cad iad na pleananna atá aici le feabhas a chur ar na bóithre i mBaile na Finne a ndearnadh damáiste dóibh sna tuilte le gairid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34296/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Scéim na mBóithre Portaigh faoina mbíodh cúnamh airgid ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre portaigh ar fionraí le tamall de bhlianta anuas. Mar a tugadh le fios sna freagraí ar Cheisteanna Dála (Uimhir 382 & 383) ar 30 Bealtaine 2017 agus ar Cheist Dála (Uimhir 993) ar 20 Meitheamh 2017, i s i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá luaite mar sprioc faoi leith i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta, a dhéanfaí aon chinneadh maidir le hathmhúscailt na scéime.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.