Written answers

Tuesday, 27 June 2017

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

244. To ask the Minister for Education and Skills an bhfagfár an liúntas Gaeltachta ag na múinteoirí sna scoileanna a roghnaíonn gan a bheith páirteach mar scoil Ghaeltachta faoin mbeartas nua Oideachais Gaeltachta atá á chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30182/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon mholadh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta le hathrú a dhéanamh ar na tuarastail nó liúntais atá ag na múinteoirí faoi láthair sna scoileanna atá lonnaithe sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is féidir liom a dheimhniú, freisin, nach bhfuil aon chinneadh déanta na liúntais Ghaeltachta a bhaint de na múinteoirí atá ag feidhmiú faoi láthair.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

245. To ask the Minister for Education and Skills céard é an chéad uair eile a bheidh deis ag scoileanna Gaeltachta nár roghnaigh a bheith páirteach mar scoil Ghaeltachta faoin mbeartas nua Oideachais Gaeltachta an babhta seo cur isteach ar an stádas seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30183/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an chéad chéim de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta tar éis an deis a thabhairt do gach bunscoil agus iar-bhunscoil i limistéar pleanala teanga Gaeltachta Foirm um Léiriú Spéise chun a bheith rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta don scoilbhliain 2017/2018 a chur faoi bhráid mo Roinn. Tá tromlach de na scoileanna Gaeltachta tar éis léirithe spéise a chur isteach le bheith rannpháirteach sa Scéim. Ach, toisc go mbaineann tréimhse cúig bliana le cur i bhfeidhm an Pholasaí, tabharfar deiseanna breise do scoileanna sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta spéis a léiriú a bheith rannpháirteach sa Scéim.  Tá sé i gceist ag mo Roinn Imlitir eile a eisiú in Earrach 2018 agus leis seo, tabharfar an deis do scoileanna nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim in 2017 spéis a léiriú chun a bheith rannpháirteach ansin. Cuirfear deiseanna breise ar fáil le bheith rannpháirteach sa Scéim sna scoilbhlianta ina dhiaidh sin chomh maith.

Question:

To ask the Minister for Education and Skills when the next opportunity will arise for Gaeltacht schools that opted not to apply for Gaeltacht school status under the new Policy on Gaeltacht Education on this occasion to apply for same, and if he will make a statement on the matter.

Answer:

The first stage of the implementation of the Gaeltacht Policy provided every primary and post-primary school in a Gaeltacht language-planning area with the opportunity to submit an expression of interest form to participate in the Gaeltacht School Recognition Scheme to my Department. The majority of Gaeltacht schools have expressed an interest in participating in the Scheme. As a period of 5 years applies to Policy implementation, further opportunities will be provided to schools in Gaeltacht language planning areas to express an interest in participating in the Scheme. My Department intends to issue a further circular in Spring 2018 which will provide an opportunity to schools that are not participating in the Scheme to express an interest in participating. Further opportunities will also be provided for participation in the Scheme in the future.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.