Written answers

Tuesday, 27 June 2017

Department of Education and Skills

Cóimheas idir Daltaí agus Múinteoir

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

234. To ask the Minister for Education and Skills an gcuirfidh sé múinteoir breise ar fáil do scoil (eolas breise thíos) an bhliain seo chugainn toisc go raibh go leor leanaí ar an rolla mí Mheán Fómhair seo caite. [30053/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Foilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na Roinne na critéir a úsáidtear i gcomhair leithdháileadh poist mhúinteoireachta. Is é sceideal foirne na scoilbhliana atá i gceist agus cláruithe daltaí ar an 30 Meán Fómhair roimhe sin an bhuntoisc a úsáidtear chun an leibhéal acmhainní foirne ag leibhéal scoil ar leith a sholáthraítear a shocrú.

Feidhmítear an sceideal foirne ar bhealach soiléir, trédhearcach agus caitear le gach scoil den chineál céanna go cothrom, beag beann ar an áit a bhfuil scoil suite.

Is é Príomhoide agus 24 múinteoir ranganna príomhshrutha an leibhéal foirne réamh-mheasta fadtéarmach (LTPS) don scoil ar thagair an Teachta di. D'fhonn freastal ar éileamh ar áiteanna scoile sa cheantar, ceadaíodh don scoil an 25ú múinteoir ranganna príomhshrutha a cheapadh i leith na bliana acadúla reatha. Le fógairt Gaelscoil nua ocht seomra ranga le freastal ar an gceantar, a oscolófar i Meán Fómhair 2017, cuirfear ar chumas na scoile atá i gceist a leibhéil foirne a athchothromú ar aon dul leis an LTPS atá socraithe agus a chinntiú nach rachadh an leibhéal foirne thar acmhainn an fhoirgnimh, scoil 24 seomra ranga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.