Written answers
Tuesday, 20 June 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cruinnithe an Aire
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
72. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé ar intinn aici bualadh le haon eagraíocht Ghaeilge nó Ghaeltachta sa todhchaí. [27585/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Toisc go mbeidh na freagrachtaí reachtúla maidir leis an teanga tarmligthe domsa mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, is ormsa go príomha a thitfidh an cúram casadh le heagrais Gaeilge agus Gaeltachta, de réir mar is gá. Sa chomhthéacs sin, pléifear le haon cuirí a thagann faoi mo bhráid de réir mar a fhaighfear iad.
Ní mór dom a chur in iúl don Teachta go raibh caidreamh an-mhaith agam leis na heagrais Gaeilge agus Gaeltachta le linn mo théarma dheiridh mar Aire Stáit na Gaeltachta agus go bhfuil sé mar sprioc agam tógáil ar an gcaidreamh sin sa tréimhse atá amach romhainn.
No comments