Written answers
Tuesday, 20 June 2017
Department of Education and Skills
Cóiríocht Scoile
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
487. To ask the Minister for Education and Skills an ndéanfaidh an Roinn teagmháil dhíreach le bord bainistíochta scoile i gcontae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) d'fhonn teacht ar réiteach atá inghlactha i gcoitinne ar an easpa spáis atá sa chlós scoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27154/17]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta nach bhfuair mo Roinn aon chumarsáid ón scoil a dtagraítear di maidir le ceisteanna a bhaineann lena gclós scoile.
Tá sé de rogha ag údaráis na scoile teagmháil dhíreach a dhéanamh le hAonad Pleanála agus Tógála mo Roinne chun ceisteanna den sórt sin a phlé agus treoir a lorg maidir le hiarratas chuí a dhéanamh ar mhaoiniú, nuair is gá sin.
No comments