Written answers

Tuesday, 20 June 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

97. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh comhráite aici leis an Aire Caiteachais Phoiblí maidir le breis maoinithe a chur ar fáil d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta de réir gealltanais a tugadh nuair a bunaíodh an rialtas seo maidir le maoiniú breise don earnáil seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27282/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bhliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir.

Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid do na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta don bhliain 2018 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana. Is féidir leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise don earnáil Gaeilge agus Gaeltachta, laistigh den oll-sholáthar airgeadais atá ar fáil don Rialtas.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta ach go háirithe, bhí €1m breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte ag an eagraíocht seo mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain reatha, rud a chiallaíonn gurb é €6.687m an bunlíne nua caipitil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana, €1m níos airde ná an bunlíne i mBuiséid 2016. Anuas air sin, cuireadh allúntas breise caipitil de €2.4m ar fáil don Údarás i 2016.  Cuireadh allúntas breise reatha de €250,000 ar fáil don eagraíocht chomh maith i mbliana le cabhrú leis na comharchumainn agus na heagraíochtaí phobalbhunaithe Gaeltachta a gcuid costas reáchtála a chlúdach.

Maidir leis an bhForas Teanga, beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil gur cuireadh allúntas breise de €750,000 ar fáil i mbliana le dáileadh ar Fhoras na Gaeilge agus Bord na hUltaise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.