Written answers

Tuesday, 30 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na mBóithre Áise

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

382. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici maidir le scéim deontas bóithre straitéiseacha a chur ar bun sa Ghaeltacht chun slí rochtana a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre, os rud é go bhféadfaí maoiniú a fháil dá leithéid de scéim ag féachaint don mhéid airgid atá faoina cúram agus nár caitheadh sna buiséid éagsúla; an dtabharfaidh sí eolas i dtaobh cén uair a d'fhéadfaí a leithéid de scéim a chur ar bun, agus an mbeadh sí sásta gur plean ilbhliantúil a chuirfí ar bun chun déileáil leis an easpa tograí bonneagair i gceantair Ghaeltachta ó cuireadh an scéim ar fionraí sa bhliain 2010; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25979/17]

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

383. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici maidir le scéim bóithre áise a chur ar bun in athuair chun freastal ar thithe agus bóithre feirme i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre; an aithníonn sí an phráinn mhór atá le scéim den sórt seo chun dul i ngleic leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí ag dul chun donais i gceantair tuaithe ó thaobh ísliú caighdeán bóithre sa Ghaeltacht mar go bhfuil na mílte cónaitheoirí neamhábalta an costas a sheasamh maidir leis na bóithre seo a chóiriú chomh fada lena dtithe cónaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25980/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir382 agus 383 le chéile.

Faoi na scéimeanna atá luaite ag an Teachta agus atá ar fionraí anois, bhíodh deontais chaipitil ar fáil chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a dheisiú. Bhí sé de chuspóir ag na scéimeanna seo cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na Gaeltachta chomh maith leis an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht.

Is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá áirithe go sonrach mar sprioc i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta, a dhéanfar aon chinneadh maidir le hathnuachan na scéimeanna sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.