Written answers
Tuesday, 23 May 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cúrsaí Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
404. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad uair a bhuail an tAire sinsearach le heagraíochtaí Gaeltachta go hoifigiúil fad is atá sí ina hAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. [24539/17]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
405. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad uair a bhuail an tAire sinsearach le eagraíochtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht go hoifigiúil fad is atá sí ina hAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. [24542/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 404 agus 405 le chéile.
Toisc go bhfuil na freagrachtaí reachtúla maidir leis an teanga tarmligthe domsa mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, is ormsa go príomha a thiteann an cúram casadh le heagrais Gaeilge agus Gaeltachta, de réir mar is gá. Beag beann air sin, dár ndóigh, casann an tAire Humphreys le heagrais Gaeilge agus Gaeltachta ó am go chéile chomh maith. Ó ceapadh í mar Aire, mar shampla, thug an tAire Humphreys cuairteanna ar oifigí Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta chun obair na n-eagras sin a phlé agus thug sí cuireadh do na heagrais Gaeilge, Conradh na Gaeilge san áireamh, chuig Seisiún Faisnéise maidir leis an mBreatimeacht a tionóladh i mBaile an Chabháin ar 6ú Feabhra 2017.
Anuas air sin, tá an tAire Humphreys ina ball gníomhach den Choiste Rialtais do na hEalaíona, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin a thagann le chéile, faoi Chathaoirleacht an Taoisigh, ar bhonn rialta.
No comments