Written answers

Tuesday, 23 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Dátheangacha

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

389. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cathain a chríochnófar an próiseas scrúdaithe atá á dhéanamh ar riachtanais Ranna Rialtais agus príomhfhoras poiblí i dtaca le daoine atá in ann feidhmiú go dátheangach; cathain a fhoilseofar torthaí an scrúdaithe seo; cathain a chuirfear córas nua i bhfeidhm ó thaobh scéimeanna teanga de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23974/17]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

390. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard atá déanta aici ó thús na bliana chun córas earcaíochta na Státseirbhíse a leasú chun a chinntiú go mbeidh níos mó daoine inti ag a bhfuil Gaeilge fheidhmiúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23975/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 389 agus 390 le chéile.

Tá an t-athbhreithniú a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó críochnaithe ag oifigigh mo Roinne anois agus tá i gceist agam moltaí maidir le córas nua chun daoine le Gaeilge a earcú don seirbhís phoiblí agus córas chaighdeáin Ghaeilge a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna a dhéanamh i gcomhthéacs an Bhille nua atá beartaithe chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá i gceist Ceannteidil an Bhille seo a chur faoi bhráid an chéad chruinniú eile den Choiste Rialtais do na hEalaíona, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin ar 25ú Bealtaine 2017. Ach na Ceannteidil a bheith faofa ag an gCoiste sin, cuirfear faoi bhráid an Rialtais iad go gairid ina dhiaidh le cead a fháil iad a fhoilsiú agus an Bille a dhréachtú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.