Written answers

Tuesday, 16 May 2017

Department of Agriculture, Food and the Marine

Ceadúnú Báid Iascaireachta Mara

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

512. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén staid ag a bhfuil an tAthbhreithniú ar Bhainistiú na hAcmhainneachta Cabhlaigh; cathain a fhoilseofar an tAthbhreithniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23154/17]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi mar a d’fhéadfadh bheith ar eolas ag an Teachta Dála, faoin Acht Iascaigh (Leasú), 2003, aistríodh feidhmeanna um cheadúnú báid iascaireachta mara ón Aire go dtí an tÚdarás Ceadúnúcháin um Báid Iascaireachta Mara, a oibríonn ar bhonn neamhspleách faoi réir na gcritéar a leagtar amach san Acht sin agus i dTreoracha Beartais ón Aire.

Mar an tAire, tá freagracht orm as beartas i dtaca le ceadúnú báid iascaireachta mara faoi Alt 3(3) den Acht Iascaigh (Leasú), 2003, arna leasú ag Alt 99 den Acht um Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, 2006. Sa chomhthéacs seo, agus faoi mar a luaitear thuas, déantar foráil in Alt 3 den Acht do Threoracha Beartais ón Aire a eisiúint don Údarás Ceadúnúcháin um Báid Iascaireachta Mara neamhspleách. Cuirtear cosc orm, áfach, ó aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i dtaca le haon chás nó aon ghrúpa ar leith cásanna lena bhfuil nó lena bhféadfadh an tÚdarás Ceadúnúcháin a bheith bainteach faoi Alt 3(5) d’Acht 2003.

Fuair mé tograí ó Eagraíocht Táirgeora (ET) a bhaineann, go hachomair, leis an bhféidearthacht chun an ceanglas a laghdú chun cáil athsholáthair 100% a sholáthar leis an gcuntas teiste ábhartha anuas go dtí 80% (foinsítear an fuílleach ó cháil gan cuntas teiste). Thug mé faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis na tograí seo agus chuir mé páipéar comhairliúcháin ar fáil ina leagtar amach an cúlra le beartas cabhlaigh agus thug mé faoi anailís ar an gcás reatha. Scrúdaítear sa pháipéar comhairliúcháin impleachtaí na dtograí a rinne an Eagraíocht Táirgeora agus cuirtear roghanna eile chun cinn ann, chomh maith. Cuireadh an comhairliúchán seo i gcrích an 28 Feabhra 2017.

Fuarthas 26 aighneacht ina leith seo agus tá scrúdú á dhéanamh orthu faoi láthair. Déanfaidh mé breithniú cúramach, i ndiaidh go ndéantar aon anailís bhreise a theastaíonn, ar an gcás chun leasú/leasuithe a dhéanamh ar an mbeartas reatha ceadúnaithe agus na haighneachtaí a fuarthas á gcur san áireamh.  Foilseofar mo chonclúidí ar láithreán gréasáin na Roinne, a luaithe agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.