Written answers

Wednesday, 10 May 2017

Department of Transport, Tourism and Sport

Comharthaí Bóthair

Photo of Catherine MurphyCatherine Murphy (Kildare North, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

238. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an aontaíonn sé, nuair a bhíonn comhartha tráchta le huasdátú nó le hathrú, gur chóir leagan Gaeilge cinntithe a bheith air, gur chóir an leagan sin a bheith ar cóimhéid leis an leagan Béarla, agus gur chóir go mbeadh sé i ngnáthchló mar a bhíonn an leagan Béarla, ionas go mbeidh comharthaí tráchta na hÉireann ar aon dul leis an dearadh i ndlínsí dátheangacha eile ar nós na hAlban, agus ionas go mbeidh siad ag teacht le moltaí saineolaithe teanga idirnáisiúnta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22215/17]

Photo of Shane RossShane Ross (Dublin Rathdown, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é polasaí mo Roinne fós téacs Gaeilge agus Béarla a thaispeáint i bhformáidí éagsúla ach oiriúnacha a léiríonn dhá theanga ar leith ar chomharthaí bóthair. Bíonn an Ghaeilge i gcónaí os cionn an Bhéarla agus í claonta 15 céim i dtreo na láimhe deise ón gceartingear; is fearr a léiríonn sin an seanchló Gaelach agus léiríonn gur teanga ar leith ar fad í an Ghaeilge ón mBéarla. Tá an leagan amach ar an téacs Gaeilge agus Béarla ar chomharthaí tráchta bunaithe ar thaighde, ar chúrsaí sábháilteachta bóthair agus ar an tuiscint phraiticiúil atá ar líonra bóithre na hÉireann.

An phríomhaidhm atá leis an téacs ar chomharthaí tráchta bóthair ná a chinntiú go gcuidíonn an t-eolas atá orthu le húsáid shábháilte an líonra bóithre agus go dtugann soiléireacht do lucht úsáidte na mbóithre ionas nach ndéantar dochar ar shábháilteacht lucht úsáidte ar fad na mbóithre, cibé acu an áitritheoirí nó cuairteoirí atá i gceist, beag beann ar an teanga a labhraítear.

Is de mheon na sábháilteachta bóthair sin dar le mo Roinnse agus le Bonneagar Iompair Éireann (TII) nár cheart aon athrú a chur ar an gceanglas reatha atá orainn ó thaobh comharthaíocht bóthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.