Written answers

Tuesday, 9 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

346. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ar thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas cead d’Fhoras na Gaeilge léas a shíniú maidir le seilbh a ghlacadh ar cheannáras i mBaile Átha Cliath; céard é fad an léasa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22086/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar m’fhreagra ar cheist Dála 77 den 2 Bealtaine 2017 inar mhínigh mé gur ceisteanna oibríochtúla d'Fhoras na Gaeilge na ceisteanna maidir le léasanna.

Mar is eol don Teachta, leagtar amach na nósanna imeachta airgeadais agus na socrúcháin cuntasaíochta don bhForas Teanga i Meamram Airgeadais atá ceadaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlinse. I gcomhréir le halt 5 den Mheamram sin, leagtar amach socrúcháin tarmligthe in Aguisín 2, ina measc gur féidir leis na gníomhaireachtaí dul isteach i gcomhaontaithe léasa le haghaidh cóiríochta. Má sháraíonn luach bliantúil aon léasa teorainn de €37,500, áfach, bíonn gá le cead roimh ré ó na Ranna Urraíochta. Sa chomhthéacs sin, chuir Foras na Gaeilge cás gnó cuimsitheach faoi bhráid na Ranna Urraíochta agus tá cead foirmiúil tugtha i ieith an chás gnó sin.

Tuigtear dom gur léas 30 bliain atá i gceist, le clásal scoir tar éis 15 bliana, ach ní shíneofar an léas foirmiúil go dtí go mbeidh an obair athchóirithe atá á déanamh ar an bhfoirgneamh curtha i gcrích go sásúil i dtreo dheireadh na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.