Written answers

Tuesday, 2 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

77. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí soiléiriú ar chinneadh Fhoras na Gaeilge bogadh as oifig laistigh d'fhoirgneamh Oifig na nOibreacha Poiblí, go háirithe ó thaobh ardú cíosa agus sarú an mheamraim airgeadais de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20430/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá mínithe cheanna don Teachta mar fhreagra ar Cheist Dála 161 den 9ú Feabhra 2017, is ceisteanna oibríochtúla d'Fhoras na Gaeilge na ceisteanna maidir le léasanna áirithe. Mar a luaigh mé chomh maith sa bhfreagra sin, i gcomhréir le halt 5 dá Mheamram Airgeadais, chuir Foras na Gaeilge cás gnó cuimsitheach i leith léas ar cheannáras nua faoi bhráid na Ranna Urraíochta san dá dlínse anuraidh. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil cead foirmeálta tugtha don chás gnó sin anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.