Written answers
Tuesday, 2 May 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
57. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é stádas Bhille nua na dTeangacha Oifigiúla atá beartaithe; agus go háirithe, cén dáta a fhoilseofar Ceannteidil an Bhille; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20428/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a dréachtaíodh anuraidh, agus tréimhse comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara, tá Ceannteidil nua Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) á ndréachtú faoi láthair. Tá sé beartaithe na Ceannteidil nua a chur faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na Bealtaine.
No comments