Written answers
Tuesday, 2 May 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
757. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad a dhéanfaidh an rialtas chun na gníomhartha ón Straitéis Fiche Bliain atá curtha i bhfeidhm a thomhas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20622/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Eagraíodh Díospóireacht Oscailte ar Pholasaí faoin Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, mar chuid de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse, i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn. Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte sin tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022, ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn agus á fhoilsiú faoi lár na bliana seo. Tá i gceist go ndéanfar dlúth fhaireachán ar na gníomhaíochtaí a bheidh sonraithe sa Phlean sin agus go gcuirfear tuairiscí rialta ina leith faoi bhráid an Rialtais. Sa bhreis air sin tá beartaithe go bhfoilseofar, ar bhonn rialta, tuairiscí ar an dul chun cinn maidir le gach gníomh.
No comments