Written answers

Tuesday, 2 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Forbairt Calaí agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

704. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta leis an réamhobair chun síneadh a chur le céibh Inis Oírr; cad iad na socruithe ina leith seo atá déanta go dáta ag an Roinn; cé mhéid airgid atá ceadaithe don obair seo; cén caiteachas a mheastar a bhainfidh leis an togra seo i mbliana; cad iad na céimeanna a chaithfear a ghlacadh sula mbronnfar conradh don obair seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19637/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Scríobh mo Roinn chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe tamall ó shin mar gheall ar an tionscadal seo. Ag eascairt as sin, tá aontaithe ag mo Roinn leis an gComhairle go rachfar ar aghaidh le hathfhostú chomhlacht comhairleoireachta ar mhaithe leis an tionscadail a thabhairt chun cinn.  Mar chéad chéim den chur chuige seo, tá i gceist iarraidh ar na comhairleoirí luacháil a dhéanamh ar chostas iomlán an tionscadail.  Beidh i gceist chomh maith plean oibre chun é a chur i gcríoch a ullmhú. Ní féidir, dá réir, an caiteachas a dhéanfar ar an tionscadal in 2017 a mheas ag an bpointe seo.   

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

705. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na socruithe atá déanta idir a Roinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le tuilleadh oibre a dhéanamh ar chéibh Inis Meáin; an mbeidh comhcomhairliúchán roimh ré ann leis na hoileánaigh agus le lucht úsáidte na céibhe maidir leis an obair atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19638/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaithe le dlús a chur le forbairt Chéim III de Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, tá scríofa ag mo Roinn le déanaí chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ag lorg soiléirithe uathu maidir le staid reatha an tionscadail. Cuimsíonn sé seo cur síos ar an obair atá déanta go dáta, soiléiriú maidir leis na ceadúnais faighte atá fós bailí agus cur síos ar amchlár imlíneach na gcéimeanna atá le tógáil chun an tionscadail a chur i gcríoch. Ach an fhaisnéis seo bheith faighte ón gComhairle Chontae, beidh mé in ann cinneadh a dhéanamh maidir le maoiniú an chéad céim eile den tionscadal.

Tuigtear dom go bhfuil oifigigh mo Roinne ag casadh le hionadaithe ó Inis Meáin an tseachtain seo chun na féidearthachtaí i ndáil leis an tionscadal seo a bhrú chun cinn a phlé agus go bhfuil i gceist cruinniú le Comhairle Chontae na Gaillimhe a eagrú ina dhiaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.