Written answers
Thursday, 13 April 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Foras Teanga
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
217. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí faisnéis ar fáil i bhfoirm tábla maidir leis an leibhéal maoinithe a dáileadh ar an bhForas Teanga go bliantúil thar an tréimhse 2014-2016 agus maidir leis an leithdháileadh maoinithe le haghaidh 2017; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19015/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tá an Foras Teanga mar cheann de na 6 chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus tá sé comhdhéanta de dhá áisíneacht ar leith, eadhon, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.
Sa chomhthéacs sin, cuirtear maoiniú ar fáil don bhForas Teanga ó mo Roinnse agus ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid a bhíonn ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ó mo Roinn agus 25% ón Roinn Pobal. Déantar Gníomhaireacht na hUltaise a chómhaoiniú ar bhonn 25% ó mo Roinn agus 75% ón Roinn Pobal. Anuas air sin, cuireann mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
Tá briseadh síos ar mhaoiniú mo Roinne sna blianta 2014-2016 á léiriú sa tábla seo a leanas. Maidir leis an mbliain 2016, is fiú dom a shoiléiriú gur chuir mo Roinn maoiniú breise €260,681 ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus €20,976 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise i 2016 lasmuigh de na buiséid a bhí ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.
- | 2014 € | 2015 € | 2016 € |
---|---|---|---|
Foras na Gaeilge | 11,518,979.99 | 11,395,124.00 | 11,347,865.00 |
Clár na Leabhar Gaeilge | 1,117,395.00 | 1,105,380.00 | 1,061,165.00 |
Colmcille | 74,715.14 | 113,645.91 | 118,518.37 |
Gníomhaireacht na hUltaise | 758,282.36 | 853,719.39 | 721,862.35 |
Iomlán | 13,469,372.49 | 13,467,869.30 | 13,249,410.72 |
Is é €13.989m an soláthar táscach sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017 ó dheas chun freastal ar na búiséid a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas amach anseo don bhForas Teanga, mar aon le maoiniú imfhálaithe do Chlár na Leabhar Gaeilge agus Cholmcille.
No comments