Written answers

Wednesday, 12 April 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

250. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí scagadh ar an gcaiteachas €250,000 a gealladh d’Údarás na Gaeltachta sa bhuiséad reatha agus a bhí le cur ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta; cá ndeachaigh an t-airgead seo; cé hiad na heagraíochtaí a fuair an t-airgead; cén méid a fuair siad; agus an dtaispeánfaidh sí an t-eolas i bhfoirm tábla. [18508/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur íocadh €1,545,528 le 30 eagraíocht pobail i 2016 chun clár forbartha pobail a fheidhmiú ina gceantar feidhme. Ag éirí as an soláthar airgid de €3.25m atá ar fáil don Údarás faoi fho-mhír C7 de Vóta na Roinne do 2017, tuigim ón Údarás go bhfuil soláthar de €1,824,418 á chur ar fáil acu i 2017 do na heagraíochtaí pobail bunaithe don chúram seo. Tá briseadh síos ar na sonraí sin léirithe san tábla thíos.

Contae Ainm Soláthar 2017

Íoctha 2016

Ardú



Dún na nGall Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo 87,000 84,000 €3,000
Comhar Chumann Thoraí Teo 87,000 84,000 3,000
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo* 95,750 28,750 67,000 (1)
Comharchumann na nOileáin Beag Teo** 32,000 40,000 -€8,000 (2)
Céim Aniar Teo 57,000 54,000 €3,000
Pobal Eascarrach Teo 36,000 33,000 €3,000
Lár Chomhairle Paróiste Gleann Cholm Cille Teo* 73,865 23,865 €50,000 (3 )
Soláthar don Ghaeltacht Láir

15,000



0


€15,000


(4 )
Maigh Eo Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo 71,000 69,000 €2,000
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Teo 50,000 46,250 €3,750
Comhar Dún Caocháin Teo 44,000 41,000 €3,000
Coiste Cultúr, Teanga agus Forbartha Tuar Mhic Éadaigh Teo 35,000 31,350 €3,650
Gaillimh Comhar Caomhán Teo 87,000 88,000 -€1,000 (5 )
Comhar Chumann Dhúiche Sheoigheach Teo 57,000 54,000 €3,000
Comharchumann Forbartha Árann Teo 94,000 90,750 €3,250
Comhairle Ceantair na n-Oileán Teo 51,000 48,000 €3,000
Forbairt Chonamara Láir Teo 56,000 52,000 €4,000
Comharchumann Shailearna Teo 60,000 57,775 €2,225
Comharchumann Forb artha Inis Meáin Teo. 75,000 30,000 €45,000 (6 )
Comhar Chuigéal (Leitir Mealláin) Teo. 35,000 30,000 €5,000
Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo 42,800 23,513 €19,287 (7 )
Comharchumann Mhic Dara Teo 56,000 52,000 €4,000
Comhlacht Forbartha an Spidéil Teo 35,000 31,350 €3,650
Soláthar d’eagraíocht nua 15,000 0 €15,000 (8 )

Table ctg.

Contae Ainm Soláthar 2017

Íoctha 2016

Ardú



An Mhí Comharchumann Ráth Cairn Teo 57,000 54,000 €3,000
Ciarraí Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo 71,000 71,000 - (9 )
Comhar Chumann Forbartha Leith Triúigh Teo 57,000

52,225


€4,775
Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas Teo 58,000 53,500 €4,500
Forbairt na Dromada Teo 48,000 46,000 €2,000
Port Láirge Comhl a cht Forbartha na nDéise Teo 52,000 50,000 €2,000
Corcaigh Comharchumann Chléire Teo 87,000 84,000 €3,000
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo 47,000 42,200 €4,800
Iomlán 1,824,418 1,545,528 €278,887

*sciar de dheontas 2016 le n-íoc leo

**sciar de dheontas 2015 san áireamh anseo.

Nótaí

(1) Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo. Íocadh €28,750 leo i 2016. Tá soláthar de €28,750 a bhain le 2016 ach nár íocadh go dtí 2017 san áireamh sa soláthar de €95,750 do 2017.

(2) Comharchumann na nOileán Bheag Teo. San €40,000 a íocadh i 2016, bhain €8,000 d ele 2015.

(3) Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille. Tá soláthar de €23,865 a bhaineann le 2016 san áireamh san bhfigiúir de €73,865.

(4) An Ghaeltacht Láir. Soláthar déanta do €15,000 chun tacaíocht a chur ar fáil do struchtúr pobail nuair a bhunófar é.

(5) Comhar Caomhán Teo. Tá laghdú de €2,000 sa mbuiséad ó 2016 de bharr nach bhfuil costas pinsean i gceist a thuilleadh.

(6) Comharchumann Forbartha Inis Meáin Teo. Bunaíodh an comharchumann seo i 2016. Tá soláthar de €75,000 á chur ar fáil don bhliain reatha.

(7) Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo. Tá soláthar de €7,800 san soláthar de €42,800 a bhain le 2016.

(8) Soláthar d’eagraíocht nua le tabhairt faoi fhorbairt pobail & teanga déanta do 2017.

(9) Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. Bhí athrú bainistíochta anseo agus tá an soláthar coinnithe ag an ráta céanna i 2017, dá bharr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.