Written answers
Tuesday, 11 April 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na mBóithre Pobail
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
470. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuarthas comhfhreagras ó choiste i gcontae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) ina bhfuil drochstaid an bhóthair L1413 curtha in iúl don Aire; an gcuirfear maoiniú ar fáil chun an bealach seo a dheisiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18196/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta gur cuireadh mo Roinn ar an eolas, tríd Comhairle Chontae Dhún na nGall, faoin mbóthar atá luaite aige. Mar is eol don Teachta, tá forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a foilsíodh i mí na Nollag 2010 áirithe go sonrach mar sprioc i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta.
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail. Faoin bpróiseas seo, tabharfar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Tá na scéimeanna a bhí ag an Roinn le haghaidh bóithre sa Ghaeltacht ar fionraí anois. Is i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain agus an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht a dhéanfar aon anailís maidir le hathnuachan na scéimeanna seo.
No comments