Written answers

Tuesday, 11 April 2017

Department of Public Expenditure and Reform

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

443. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform i bhfianaise thuarascáil nua an Choimisinéara Teanga a cháineann an Stát go láidir ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil, an n-aontaíonn sé le moladh an Choimisinéara gur chóir polasaí nua earcaíochta a fheidhmiú lena ndéanfar athchothromú ar líon na bhfostaithe stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge [18204/17]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

444. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform i bhfianaise thuarascáil nua an Choimisinéara Teanga a cháineann an Stát go láidir ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil, an n-aontaíonn sé le moladh an Choimisinéara gur chóir deimhin a dhéanamh de go bhfuil íosmhéid foirne le Gaeilge (atá tomhaiste de réir creat tagartha aitheanta) i ngach eagraíocht stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal [18205/17]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

445. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform i bhfianaise thuarascáil nua an Choimisinéara Teanga a cháineann an stát go láidir ó thaobh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, an n-aontaíonn sé le moladh an Choimisinéara gur chóir céimeanna a ghlacadh láithreach chun líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras a mhéadú [18206/17]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim Ceisteanna Uimh. 443 go 445, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tabharfaidh mé freagra ar na ceisteanna seo ón Teachta mar gheall ar an státseirbhís. Tá Airí éagsúla freagrach as na réimsí eile sa tseirbhís phoiblí.

Is maith is eol dom na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga mar chuid dá 'Theachtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga'.

Mar chúlra ar an scéal, d'fhaomh an Rialtas cur chuige nua le tacú le hinniúlacht Gaeilge sa státseirbhís a thabhairt isteach sa bhliain 2014.

Cuireadh socruithe i bhfeidhm in ionad an pholasaí le marcanna bónais don inniúlacht sa Ghaeilge a bhronnadh in earcaíocht don státseirbhís agus i gcomórtais ardaithe toisc nach raibh sé ag sásamh cuspóirí an Rialtais ó thaobh inniúlachta Ghaeilge sa Státseirbhís.

Leagadh cúram ar an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí fo-phainéil a bhunú mar chuid den bheartas earcaíochta oscailte atá acu. Thairis sin, mar chuid den Phleanáil Fórsa Saothair, iarradh ar Ranna na poist/ réimsí oibre ina mbíonn daoine le hinniúlacht Gaeilge de dhíth orthu a sainaithint agus iad seo a chur san áireamh ina bpleananna don phleanáil fórsa saothair. Ag féachaint d'Acht na Gaeltachta 2012, iarrfar ar Ranna aird ar leith a dhíriú ar na poist atá lonnaithe nó atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta. 

Is cuid lárnach é an próiseas seo le cinntiú go mbeidh aird ar leith ar na ceapacháin lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge leo sna comórtais earcaíochta, comórtais oscailte agus comórtais ardaithe, a bheidh á reáchtáil ag an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí amach anseo. Déanfar measúnú ar leith ar na riachtanais atá ann do dhaoine le Gaeilge sna comórtais earcaíochta agus comórtais ardaithe a bheidh á reáchtáil ag na Ranna agus cuirfidh an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí fó-phainéal le chéile más gá.

D'fhógair an iar-Aire den Chaitheachas Phoiblí agus Athchóirithe i mí Dheireadh Fómhair 2014 go raibh deireadh leis an moratóir earcaíochta sa tSeirbhís Phoiblí agus cuireadh cumhachtaí bhainistíochta tarmligthe ina áit.

Tá comhaontú seirbhíse i bhfeidhm idir mo roinn agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Leagtar amach an ról atá ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sa chomhaontú seirbhíse mar gheall ar oiliúint Gaeilge sa státseirbhís.

Tuigtear go bhfuil comhaontú i bhfeidhm idir Foras na Gaeilge agus Gaelchultúr Teoranta do sholáthar oiliúna Gaeilge don Státseirbhíse. Tuigtear dom go bhfuil breis agus 1,200 státseirbhíseach agus suas le 80 eagraíocht stáit tar éis freastal ar chúrsaí de chuid Gaelchultúr Teoranta. Tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil bainte amach ag 400 Státseirbhíseach ó 20 eagraíocht stáit ina theannta sin.

Cé go bhfuil na fo-phainéil do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge curtha le chéile ag an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí, tá sé deacair orthu daoine a bhogadh óna bpoist reatha go dtí na suíomhanna ina bhfuil na folúntais lonnaithe.

Is eol dom go raibh cruinnithe ag oifigigh ón Roinn le hoifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta leis an bpróiseas earcaíochta do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a phlé. Tá sé beartaithe go bpléifear an toradh ar na fo-phainéil do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge ó 2014 leis an Seirbhís Um Cheapacháin Phoiblí ar mhaithe le tuiscint níos fear a fháil ar a chur i bhfeidhm.

Aithním an tábhacht a bhaineann le líon foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge agus ar féidir leo seirbhisí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Aithneofar i scéimeanna teanga sna ranna éagsúla amach anseo na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge leo i gcomhréir le beartas an Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.