Written answers

Tuesday, 11 April 2017

Department of Foreign Affairs and Trade

Acht na Gaeilge

Photo of Seán CroweSeán Crowe (Dublin South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

416. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an n-aontaíonn sé go gcaithfidh stadás oifigiúil don Ghaeilge a bheith mar chuid d’aon Acht Gaeilge ó thuaidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18026/17]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt eilimintí de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Rímhinn nach bhfuil curtha i bhfeidhm go hiomlán go fóill, iad siúd a bhaineann le hAcht Teanga ina measc. Is é seasamh daingean an Rialtais ná go gcaithfidh Comhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontuithe comharba a bheith curtha i bhfeidhm ina hiomlán, agus feictear é seo sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta. Rinneadh foráil i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 d’Acht Teanga i dTuaisceart Éireann a bheith achtaithe ag Rialtas na Breataine. Rinne Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile tacú le hAcht Teanga agus leanann muid ar aghaidh ag obair ar a son. Faraor, go dtí seo ní raibh aontas laistigh den Fheidhmeannas ar ábhar atá anois déabhlóidithe chun é a thabhairt chun cinn.

In idirbheartaíocht Comhaontú Teach Stormont i mall 2014, agus mé féin is ionadaithe eile ó Rialtas na hÉireann ag moladh go mbeadh onóir tugtha don choimitmint seo agus é curtha i bhfeidhm, faraor níorbh fhéidir aontas a shroicheadh do ghealltanas chomh follasach. É sin ráite, sa téacs den leagan deiridh de Chomhaontú Teach Stormont (Nollag 2014), rinne an Rialtas agus Rialtas na Breataine, ag cuimhniú ar na gealltanais ó na Comhaontuithe a tháinig roimhe, eadóirseacht don gá le meas agus aitheantas don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Is nithe tábhachta de Chomhaontú Aoine an Chéasta iad éagsúlacht teangeolaíoch agus an Ghaeilge.

Sna plé leanúnach i Stormont ar na gealltanais ó na Comhaontuithe a tháinig roimhe nach bhfuil curtha i bhfeidhm, tá sé ráite agam go soiléir do Rialtas na Breataine agus na páirtithe polaitiúla, go tacaíonn an Rialtas go soiléir agus go leanúnach le bunús reachtúil don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, mar a bhí i gceist i gComhaontú Chill Rímhinn. I mo phlé le Rúnaí Stáit Tuaisceart Éireann sna seachtainí seo caite, leag mé béim freisin ar an ról ceannaireachta gur gá leis an dá Rialtas a imirt le chinntiú go dtugtar an meas cuí do gach foráil ó na Comhaontuithe a tháinig roimhe agus go bhfanann an fócas ar cur i bhfeidhm iomlán a bhaint amach.

Tá an cheist den méid sonrach lena mbeidh i reachtaíocht ar an nGaeilge i mbun plé gníomhach idir na páirtithe polaitiúla mar chuid de na plé leanúnacha i Stormont agus tá súil agam gur féidir le comhaontú a shroicheadh ar an ábhar tábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.