Written answers

Tuesday, 4 April 2017

Department of Finance

Cáin Chorparáide

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

166. To ask the Minister for Finance an mbeadh sé sásta fiosrúchán a sheoladh ar cé acu ar chóir lacáiste cánach a chur ar fáil do chuideachtaí a dhéanann méid áirithe fógraíochta i nGaeilge, ó tharla go n-aontaíonn tromlach na tíre seo gur chóir lipéadú dátheangach a spreagadh agus ó tharla gur féidir leis an nGaeilge cur le forbairt eacnamaíochta na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16165/17]

Photo of Michael NoonanMichael Noonan (Limerick City, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an córas cáineach corporáide Éireannach trédhearcach. Tá sé bunaithe ar ráta príomha de 12.5% ar bhonn leathan le líon beag faoiseamh cánach atá ana-dhírithe.

Mar sin, nil ach raon srianta caiteachais cánach corporáide in Éirinn. Tá siad seo dírithe ar chruthú postanna agus ar réimsí nualaíochta. Déantar measúnú rialta orthu seo le cinntiú go bhfuil luach ar airgead á fháil ag an gcáiníocóir.

Go ginéarálta tá comhlacht i dteideal asbhaintí i gcoinne brabús i leith caiteachais ioncaim, comh fada agus atá an caiteachas lán-tabhaithe i gcaitheamh gnó an chomlachta. Titeann caiteachas i leith forgraíocht laistigh de seo.

Níl sé i gceist breis faoisimh cánach a thabhairt isteach san earnáil seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.