Written answers
Tuesday, 4 April 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
435. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén t-ardú atá ceadaithe do na “mná tí” don bhliain 2017 faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16475/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is cúis áthais dom a rá go bhfuil an deontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta a mbíonn Foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas acu méadaithe agam ó €9.50 go €10.00 in aghaidh an lae (€70.00 in aghaidh na seachtaine) ó 1 Aibreán 2017.
De réir an chomhthuiscint atá idir mo Roinn agus na Coláistí Samhraidh, íocann na coláistí íosmhéid de €1.20 as gach €1 a íocann mo Roinn faoin scéim. Mar sin, beidh buntáiste breise á fháil ag teaghlaigh Gaeltachta as an ardú seo. Tá sé an-tábhachtach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, go leanfar leis an scéim seo mar is cuid lárnach í de chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Íocadh deontais i leith breis agus 26,000 foghlaimeoirí faoin scéim i 2016, rud a léiríonn an tsuim mhór atá ag an aos óg taobh amuigh den Ghaeltacht i bhfoghlaim na Gaeilge. Is cinnte go bhfuil an tionscail seo ar cheann de na tionscail is tábhachtaí sa Ghaeltacht chomh maith, mar go bhfuil tábhacht eacnamaíoch chomh maith le tábhacht buanú agus sealbhú na Gaeilge ag baint léi.
No comments