Written answers

Thursday, 30 March 2017

Department of Education and Skills

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

157. To ask the Minister for Education and Skills cad chuige nach bhfuil aon dul chun cinn déanta fós chun na fadhbanna atá ag scoil i gContae Dhún na nGall a shárú (sonraí curtha ar fáil); an ndéanfaidh an Roinn teagmháil dhíreach leis an mbord bainistíochta d'fhonn teacht ar réiteach atá inghlactha go coiteann; and if he will make a statement on the matter. [15834/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an scoil dá ndéanann an Teachta tagairt Iarratas ar Oibreacha Éigeandála isteach chun síneadh a chur leis an halla spóirt agus leis an seomra foirne a bhí ann cheana, agus é mar aidhm aici dul i ngleic leis an bhfadhb taise atá ann i bhfoirgneamh na scoile freisin. I mí Iúil 2016, moladh d’údarás na scoile an tIarratas ar Oibreacha Éigeandála a ghearradh siar chun dul i ngleic leis an bhfadhb taise amháin toisc go raibh an síneadh leis an halla spóirt agus leis an seomra foirne lasmuigh de théarmaí agus coinníollacha na Scéime um Oibreacha Éigeandála.

Rinne údarás na scoile achomharc in aghaidh an chinnidh sin. Moladh dó an athuair iarratas a dhéanamh ar chistiú éigeandála chun dul i ngleic leis an bhfadhb taise amháin. Cuireadh in iúl d’údarás na scoile freisin go bhféadfadh sé iarratas a dhéanamh ar oibreacha sínidh faoi Scéim Cóiríochta Breise na Roinne.

Níl an t-iarratas leasaithe ar oibreacha éigeandála faighte ag an Aonad Pleanála agus Tógála i mo Roinn go fóill. Breithneofar an t-iarratas sin a luaithe a gheofar é agus eiseofar cinneadh chuig údarás na scoile a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

The school to which the Deputy refers submitted an Emergency Works Application to extend their existing sports hall and staff room with a view to also addressing a dampness issue in their school building. The school authority were advised in July 2016 to submit a scaled back Emergency Works Application to address the dampness issue only as the provision of an extended sports hall and staff room were outside the terms and conditions of the Emergency Works Scheme.

The school authority appealed this decision and were advised again that they should apply for emergency funding to address the dampness issue only. The school authority were also advised that it was open to them to apply for the extension works under the Department’s Additional Accommodation Scheme.

To date my Department’s Planning and Building have not received the scaled back emergency works application.  Upon receipt of this application it will be assessed and a decision will issue to the school authority as quickly as possible.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.