Written answers

Tuesday, 28 March 2017

Department of Education and Skills

Curaclam Scoile

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

149. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aige deireadh a chur leis an scrúdú cainte roghnach don Teastas Sóisearach, fiú amháin i scoileanna atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta; an dtuigeann sé go bhfuil imní ar phobail Ghaeltachta go ndéanfadh beartas mar seo dochar fadtéarmach don teanga ó thaobh sealbhú teanga agus araile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14853/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le feidhm ó Mheán Fómhair 2017, beidh dhá shonraíocht (siollabais) nua i gceist le soláthar na sraithe sóisearaí don Ghaeilge i scoileanna agus suíomhanna iar-bhunscoile. Tá an tsonraíocht T1 dírithe ar scoláirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus ar scoláirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla a fhoghlaimíonn ábhar amháin nó níos mó (seachas an Ghaeilge) trí mheán na Gaeilge. Tá an tsonraíocht T2 dírithe ar scoláirí eile i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

Leagann sonraíochtaí nua na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (T1 agus T2 araon) béim láidir ar theanga labhartha. Aibhsítear í seo go háirithe i bpríomhshnáithe na sonraíochtaí – Cumas Cumarsáide. Leagann an tsnáithe seo béim mhéadaithe ar an nGaeilge mar theanga na foghlama agus na cumarsáide i seomraí ranga chomh maith le béim ar na scileanna atá de dhíth chun cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le húsáideoirí eile na teanga. Tá an chumarsáid, deiseanna úsáide agus idirghníomhaíocht ríthábhachtach do thascanna sa seomra ranga.  

Bainfear úsáid as cineál éagsúil de mhodheolaíocht measúnaithe do scileanna teanga labhartha (agus scileanna eile) i sonraíocht Ghaeilge nua na Sraithe Sóisearaí. Go dtí seo, bhí triail teanga labhartha roghnach ann, a rinne mionlach scoláirí, agus a bhí á meas i gcoitinne ag a múinteoirí mar chuid de shean-scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Anois, mar chuid de shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí, déanfar measúnú foirmiúil ar scileanna teanga labhartha na scoláirí go léir. Déanfar é seo trí bhíthin dhá Mheasúnú Rangbhunaithe (MRBanna) a dtabharfar tuairisc ina leith chuig tuismitheoirí ag deireadh na tríú bliana i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS). 

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tabharfar cuireadh do scoileanna sa Ghaeltacht in Earrach na bliana 2017 aitheantas a lorg mar scoil Ghaeltachta i gcomhréir le critéir theanga-bhunaithe. Chun aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach, beidh an deis ag scoileanna obair i dtreo soláthair oideachais a dhéantar go hiomlán trí mheán na Gaeilge (seachas Béarla agus curaclaim teanga eile) thar amlíne an Pholasaí cúig bliana seo. I gceann amháin de na critéir teanga do scoileanna dara leibhéal áirítear riachtanas leis na sonraíochtaí Gaeilge T1 a chur i bhfeidhm sa tsraith shóisearach agus na scoláirí, cainteoirí dúchais na Gaeilge go háirithe, a spreagadh le tabhairt fúthu. Tosóidh cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta i scoileanna ar bhonn céimnithe ó Mheán Fómhair 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.