Written answers
Wednesday, 22 March 2017
Department of Justice and Equality
Rialáil Eagraíochtaí Carthanúla
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
111. To ask the Minister for Justice and Equality cén líon iarratas atá ag an Údarás Rialála Carthanas faoi láthair nach bhfuil próiseáil déanta orthu; cén líon iarratas atá á bpróiseáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14475/17]
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
112. To ask the Minister for Justice and Equality cén fad próiseála a bhíonn ar ghnáthiarratas de ghnáth; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14476/17]
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
113. To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil aon difríocht idir am próiseála gnáthiarratais Gaeilge agus gnáthiarratais Béarla; agus má tá, cén fáth; cad é an difríocht ama; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14477/17]
Frances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 111 to 113, inclusive, together.
Bunfheidhm den Údarás Rialála Carthanas (‘an Rialálaí Carthanas’) is ea clár de na carthanais go léir a oibríonn i bPoblacht na hÉireann a bhunú agus a chothabháil. Ceanglaítear leis an Acht Carthanas, 2009, ar na heagraíochtaí carthanúla go léir a mbíonn gníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa Stát bheith cláraithe agus faisnéis áirithe a chur ar fáil don Rialálaí maidir lena n-eagraíocht. Tá dámhachtain stádais charthanúil bunaithe ar an eagraíocht is iarratasóir do chomhlíonadh cheanglais agus chritéir carthanais chláraithe arna leagan amach san Acht Carthanas. Próiséas measúnaithe dian cuimsitheach atá ann.
Tá curtha in iúl dom ag an Rialálaí Carthanas go bhfuair an Rialálaí iarratais tosaigh ó os cionn 1,102 eagraíocht. Tá na hiarratais tosaigh go léir faoi réir a n-athbhreithnithe chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil, mar íosmhéid, leorfhaisnéis curtha ar fáil iontu chun gur féidir le cás-oifigeach measúnú a dhéanamh ar an iarratas. Ina dhiaidh sin, eisítear litir chuig gach iarratasóir ina gcuirtear in iúl dóibh na leasuithe is gá a dhéanamh sular féidir iarratas a chur chun cinn.
Tá iarratais ó 470 eagraíocht measta a bheith críochnaithe agus tá 208 dámhachtain nua stádais charthanúil, san iomlán, eisithe. Faoi láthair is 70 lá oibre, nó 3 ½ mí, an mheántréimhse ama óna mheas iarratas a bheith críochnaithe go dtí cinneadh ar stádas carthanúil.
Tá curtha in iúl dom nach bhfuair an Rialálaí, go nuige seo, ach iarratas tosaigh amháin trí Ghaeilge (a cuireadh isteach i Samhain 2016). Tá an Rialálaí tar éis dul i dteagmháil leis an iarratasóir agus ag fanacht ar a thuilleadh faisnéise sular féidir a mheas an t-iarratas a bheith críochnaithe. Ní shíleann an Rialálaí go mbeidh aon difríochtaí suntasacha idir thréimhsí ama próiseála d’iarratais trí Ghaeilge agus d’iarratais trí Bhéarla.
No comments