Written answers
Tuesday, 21 March 2017
Department of Transport, Tourism and Sport
Seirbhísí Iompair
Catherine Murphy (Kildare North, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1194. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an tionscnamh 'Metro North’ i ndiaidh a bheith bogtha chun tosaigh, an aontaíonn sé gur chóir ainm Gaeilge a thabhairt ar an tseirbhís iompair nua seo, mar a rinneadh leis an tseirbhís ‘Luas’ roinnt blianta ó shin [13221/17]
Shane Ross (Dublin Rathdown, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireadh an moladh bunaidh le haghaidh nasc iarnróid éadrom go Sord trí Aerfort Bhaile Átha Cliath san áireamh faoin gclár infheistíochta iompair Transport 21agus tugadh Metro Northair. Dá bhrí sin, nuair a rinneadh an cinneadh i mí Mheán Fómhair 2015 chun dul ar aghaidh le leagan optamaithe an tionscadail nasc iarnróid éadrom tar éis thoradh an Staidéir Iompair Fhine Gall/North Dublin, tugadh new Metro Northar an tionscadal athbhreithnithe mar chaothúlacht agus chun idirdhealú a dhéanamh ar an moladh bunaidh. Is teideal oibre é seo ar an tionscadal agus ní chuireann sé bac ar theideal eile a roghnú ag pointe éigin sa todhchaí. Mar sin féin, níl pleananna agam faoi láthair é sin a dhéanamh.
No comments