Written answers

Tuesday, 21 March 2017

Department of Environment, Community and Local Government

Earnáil na Slatiascaireachta.

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

46. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an mbeidh maoiniú breise ar fáil faoin gciste caipitil Oibreacha um Fhorbairt na Slatiascaireachta cosúil leis an maoiniú a leithdháil a Roinn i gcomhar le hIascach Intíre Éireann an Nollaig seo caite; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13944/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann an earnáil slatiascaireachta €836 milliún le geilleagar na hÉireann gach bliain agus tacaíonn sí le 11,000 post Éireannach. Is minic gur i bpobail tuaithe agus imeallacha a bhíonn na poist seo, áit a mbíonn níos lú deiseanna fostaíochta ar fáil.

Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Náisiúnta um Fhorbairt Slatiascaireachta (SNFS) an méid a chuireann an tslatiascaireacht leis an ngeilleagar a mhéadú go €932 milliún in aghaidh na bliana agus 1,800 post breise a chur ar fáil.  Tá Iascach Intíre Éireann ag fiosrú na bhfoinsí maoiniúcháin ar fad a d’fhéadfadh a bheith ann.

Chuir mo Roinn €500,000 de thacaíocht mhaoiniúcháin ar fáil don SNFS in 2016 agus mheas Iascach Intíre Éireann iarratais le haghaidh tionscadail.  D'fhógair mé i mí na Nollag seo caite go raibh an chéad €500,000 d’infheistíocht le haghaidh 50 tionscadal pobalbhunaithe ar fud na tíre ceadaithe.

Chomh maith leis sin, tá €1.5 milliún breise faighte agam le haghaidh infheistíocht ag an SNFS i mbliana agus fógrófar tuilleadh sciartha de mhaoiniú le haghaidh tionscadal in 2017.

Ina theannta sin, tá maoiniú €536,000 faighte ag Iascach Intíre ‏‏Éireann ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, a bhfuil an SNFS ina chuid de.  

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.