Written answers
Thursday, 9 March 2017
Department of Education and Skills
Stádas Thionscadail Tógála Scoileanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
130. To ask the Minister for Education and Skills cén uair atá súil go mbeidh cinneadh ag an Roinn faoi thogra tógála atá beartaithe le tamall do scoil (sonraí tugtha) ar cuireadh na pleananna is deireanaí ina leith chuig an Roinn i mí na Samhna seo caite; cad iad na céimeanna a chaithfear a ghlacadh sula ndéanfar cinneadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12669/17]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
D’fhaomh mo Roinn deontas deabhlaithe suntasach i mí Mheán Fómhair 2014 don scoil faoi chaibidil chun méadú buan a thógáil agus oibreacha athchumraithe a dhéanamh. Mar thoradh air seo d’fhéadfaí an chóiríocht réamhdhéanta a bhaint ó láthair na scoile.
Fuair mo Roinn togra le déanaí chun tabhairt faoi réimse oibreacha níos mó a bhfuil costais shuntasacha i gceist léi. Táthar ag féachaint ar an togra athbhreithnithe faoi láthair agus cuirfear cinneadh ar an scéal chuig údarás na scoile chomh luath agus is féidir.
No comments