Written answers

Tuesday, 7 March 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na mBóithre Áise

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

55. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici airgead faoi leith a chur ar fáil faoi scéim na mbóithre aise chun cúnamh a thabhairt do dhaoine nach bhfuil a mbóithre faoi chúram na gcomhairlí contae; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11367/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá forfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a foilsíodh i mí na Nollag 2010 áirithe go sonrach mar sprioc i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta.  Anuas air sin, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail. Tabharfar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú, le tacaíochtaí chuí ón Stát.

Tá an scéim atá luaite ag an Teachta ar fionraí anois. I bhfianaise na n-éileamh airgeadais a eascróidh as chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain agus an phróiseas phleanála teanga, agus an tábhacht a bhaineann leis an obair sin, ní bheidh ar chumas mo Roinne an scéim sin a athnuachan i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.