Written answers
Tuesday, 7 March 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
432. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an aontaíonn sí go bhfuil sárobair á déanamh ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí sa Ghaeltacht a bpáistí a thógáil le Gaeilge; an mbeidh sí sásta maoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ionas gur féidir leo obair na heagraíochta a leathnú amach chuig gach ceantar Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12008/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cúnamh reatha ar fiú €120,000 in iomlán ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ó Bhealtaine 2014 i leith chun cabhrú léi seirbhísí éagsúla a sholáthar do theaghlaigh sa Ghaeltacht atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Is faoi réimse gnímh na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge atá dírithe ar an Ghaeltacht agus an Teaghlach a cuireadh an cúnamh seo ar fáil. Tá iarratas ón eagraíocht ar chúnamh i leith na bliana reatha á bhreithniú faoi láthair i gcomhthéacs thosaíochtaí mo Roinne maidir le feidhmiú na Straitéise agus forbairt an phróisis pleanála teanga araon.
No comments