Written answers

Tuesday, 7 March 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

427. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici fóram a bhúnú ar a mbeidh ionadaithe ó na hoileáin amach ón gcósta agus páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear a Roinn féin, le hionchur níos fearr a thabhairt do phobail na n-oileán ar chinntí a bhaineann go díreach le caighdeán maireachtála na bpobal sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11907/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil freagracht ar mo Roinn i dtaobh chomhordú pholasaí an Rialtais maidir leis na h-oileáin. Sa chomhthéacs sin, tionóltar cruinnithe idir mo Roinn agus eagrais stáit eile ó am go chéile chun saincheisteanna a bhaineann leis na hoileáin a phlé. Ó mo thaithí fhéin, baintear níos mó amach chun leasa phobail na n-oileán tríd na cruinnithe déthaobhacha seo seachas tríd ollchruinnithe de na Ranna stáit uile a bhfuil plé acu leis na hoileáin. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta gur cheadaigh mé le gairid, maoiniú suntasach a chumasóidh don eagraíocht Comhdháil Oileáin na hÉireann beartais nua oileánda a fhorbairt agus plean cuimsitheach gníomhaíochta a fheidhmiú. Measaim go gclúdóidh scáth eagraíocht gníomhach mar seo ábhair thábhachtacha atá lárnach do shaol pobail ár n-oileáin sa todhchaí. Ar ndóigh, beidh mo Roinn ag comhoibriú leis an gComhdháil ar bhonn leanúnach chun mianta na n-oileánach a bhaint amach.

Anuas air seo, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne le déanaí teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla a bhfuil oileáin ina gceantair feidhme acu féachaint an féidir a gcuid Coistí Oileánda a athnuachan áit nach bhfuil siad ag feidhmiú faoi láthair.

Leis na fóraim seo uile, sílim go mbeidh freastal maith ar phobail na n-oileán agus go mbeidh meicníocht shásúil i bhfeidhm chun na deacrachtaí atá ag na pobail sin a aithint agus a réiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.