Written answers

Tuesday, 7 March 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

33. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn a dhéanfar i mbliana maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge, cad iad na beartais nua atá i gceist don bhliain seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11361/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga ag imirt páirt lárnach i gcur i bhfeidhm córasach na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030. I measc na bpríomh-chéimeanna chun tosaigh a ghlacfar sa bhliain reatha mar a bhaineann sé leis an bpróiseas pleanála teanga:

- Tá i gceist go gcuirfear tús leis an bpróiseas sa 3 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta atá ar cholbha Chathair na Gaillimhe, eadhon: Bearna & Cnoc na Cathrach; An tEachréidh agusOirthear Chathair na Gaillimhe;

- Táthar ag súil go gcuirfear suas le 12 plean teanga faoi bhráid mo Roinne le bheith faofa idir seo agus deireadh na bliana;

- In éindí le hullmhúchán pleananna teanga a bheith ar bun i ngach ceann eile de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, leanfar ar aghaidh in 2017 le hullmhú pleananna teanga i leith dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, Daingean Uí Chúis agus Leitir Ceanainn, agus cuirfear tús le hullmhú plean teanga i leith Chathair na Gaillimhe. Ina theannta sin tá sé i gceist go leathnófar an próiseas pleanála teanga amach le go gcuimseofar cuid de na bailte eile a d’fhéadfadh a bheith aitheanta in am trátha mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta;agus,

- Tá i gceist chomh maith go leanfar ar aghaidh le hullmhú pleananna teanga sna Líonraí Gaeilge - Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe, Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.

In éindí leis an gclár oibre seo, tá i gceist go dtógfar roinnt céimeanna faoi leith sa bhliain reatha chun tacú tuilleadh le feidhmiú na Straitéise. Ina measc siúd, tá:

- Comhoibriú leanúnach idir mo Roinn fhéin agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar mhaithe le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022;

- Bille a fhoilsiú chun forálacha áirithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú;

- Leanúint leis an bplé idir mo Roinn agus Ranna Stáit eile maidir le hearcú daoine le Gaeilge don státseirbhís;

- Tacú le hÚdarás na Gaeltachta a sprioc 500 post úr a chruthú sa Ghaeltacht a bhaint amach.

Ar deireadh, mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, i bhfianaise a thábhachtaí is atá an Straitéis 20-Bliain mar chloch coirnéil don Ghaeilge, leanfaidh mé orm ag plé le mo chomhghleacaithe Aireachta le cinntiú go dtugtar tosaíocht don Straitéis sna Ranna ábhartha agus leanfaidh mo Roinn uirthi ag obair i gcomhpháirtíocht leis na Ranna sin chun na bearta éagsúla a bhaint amach thar shaolré na Straitéise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.