Written answers

Thursday, 2 March 2017

Department of Education and Skills

Pátrúnacht Scoileanna

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

78. To ask the Minister for Education and Skills cén sásra a bheidh ann chun measúnú agus freastal a dhéanamh ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge faoin bplean nua chun dífheistiú pátrúnachta a chur chun cinn, ós rud é go bhfuil sé luaite mar cheann de na príomhfheidhmeanna a bheadh ag an bpróiseas dífheistithe. [10960/17]

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

79. To ask the Minister for Education and Skills an n-aontaíonn sé le Gaeloideachas go bhfuil baol ann, tríd an gcur chuige nua atá beartaithe, gur pobalscoileanna náisiúnta trí mheán an Bhéarla a bheidh mar thoradh ar an bpróiseas, toisc na Boird Oideachais agus Oiliúna a bheith i mbun an chomhairliúcháin agus iad cheana féin aitheanta mar a rogha pátrúin ag an gComhpháirtíocht Scoileanna Caitliceacha. [10961/17]

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

80. To ask the Minister for Education and Skills an n-aontaíonn sé go bhfuil sé de riachtanas go mbeadh áisíneacht nó údarás neamhspleách agus neodrach ag tabhairt faoin gcomhairliúchán le tuismitheoirí maidir le dífheistiú, agus mar sin de nach bhfuil sé feiliúnach go dtabharfadh an Boird Oideachais agus Oiliúna faoi ós rud é go bhfuil siad san iomaíocht chun pátrúnacht bunscoileanna nua a bhaint amach. [10962/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 78, 79 agus 80 le chéile.

Creidim go bhfuil na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO), mar údarás oideachais áitiúil an Stáit, foirfe chun tabhairt faoin gcomhchomhairle leis na tuismitheoirí réamhscoile sa phróiseas seo. Ceann de na gearáin a bhí ann maidir leis an bpróiseas roimhe seo ná nár cuireadh pobail áitiúla agus geallsealbhóirí áitiúla san áireamh a dhóthain. Tá na BOO, mar údaráis oideachais reachtúla, i láthair i ngach contae, le hionadaíocht ó ghrúpaí áitiúla agus óna mbord, an-fheiliúnach go deo chun an próiseas seo a chur i gcrích.

Tá na pleananna nua deartha chun scoileanna breise il-sainchreidmheacha a sholáthar i gceachtar de dhá theanga oifigiúla an náisiúin. Tá líon suntasach gaelscoileanna faoi phátrúnacht pátrún sainchreidmheacha i láthair na huaire. Faoi réir cinntí maidir leis na scoileanna atá le haistriú, is dócha go mbeidh gaelscoileanna i measc na scoileanna sin a bheidh á mbreithniú lena n-aistriú chuig pátrúin il-sainchreidmheacha, lena n-áirítear pátrúin le Gaeilge.

Sa chéim a bhaineann le cur i bhfeidhm an phróisis, leagfar níos mó béime ar na pátrúin atá ann cheana a rachaidh i mbun comhchomhairle leithne le scoileanna agus le pobail sna limistéir atá i gceist agus leis na pátrúin ionchasacha sula ndéanfar cinneadh maidir le ceann scríbe an aistrithe pátrúnachta. Déanfar gach pátrún, lena n-áirítear pátrúin le Gaeilge, a bhreithniú sa phróiseas. Toisc gur scoileanna "beo" nó scoileanna atá ann cheana iad na scoileanna a bheidh le haistriú, beidh tuairimí phobal na scoile maidir leis an bpátrúnacht nua, mar aon le tuairimí na gcomhlachtaí pátrún ionchasach, mar chuid nach beag ina thaobh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.