Written answers
Wednesday, 1 March 2017
Department of Agriculture, Food and the Marine
Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
283. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim GLAS le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) ag tógáil san áireamh an mhoill mhór atá ar an Roinn an íocaíocht seo a dhéanamh; cén fáth a bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10549/17]
Michael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 1 agus an 1 Deireadh Fómhair an dáta a cuireadh tús leis an gconradh. Tá teidlíochtaí iomlána faighte ag an té sin i leith na bliana scéime 2015.
Le linn phróiseas seiceála na réamhíocaíochta in 2016, tugadh ar aird fadhb a bhain leis an mbeart Coimíneachta. Tá an fhadhb seo á scrúdú ag oifigigh Roinne le súil is gur féidir í a réiteach d'fhonn an t-iarratas ar íocaíocht i leith na bliana 2016 a phróiseáil a luaithe agus is féidir.
No comments